WHAT SHOULD BE DONE TO INCREASE EQUALITY OF OPPORTUNITY IN THE IRISH ARTS? by Réaltán Ní Leannáin

WHAT SHOULD BE DONE TO INCREASE EQUALITY OF OPPORTUNITY IN THE IRISH ARTS?

Réaltán Ní Leannáin

realtain

An bhfuil iontas orm go bhfuil Amharclann na Mainistreach ag dul leis an rogha dea-thráchtála leis na pingneachaí a chruinniú isteach in áit ardán agus guth a thabhairt do gach cine agus saghas sa tír seo i láthair na huaire? Níl. Go Lá Eoin Dic ní dhéanfaidh siad ach a ngob a choinneáil fliuch i bpota óir na gcáiníocóirí, fhad is go ligtear leo. An fhadhb atá acu anois na nach bhfuil daoine ag ligint leo.

Tá lúcháir orm go bhfuil Raic á thógail faoin easpa ban atá ar a gclár don bhliain seo chugainn, ‘Waking the Nation’. Tá súil agam nach bhfuil sa Raic atá mná ag tógáil ach an chéad Raic de léar mór acu – Raic na nua-Éireannach, Raic na nGael, Raic na nÉireannach faoi Mhíbhuntáiste, Raic na nÉireannach faoi Mhíchumas, Raic na nÉireannach Óga…

An bhfuil díomá orm go bhfuil an maoiniú a tugadh don amharclann a chur amú mar seo? Tá. Nuair atá maoiniú á chur isteach i ndrámaí cheana-fheicthe cheana-léirithe, is amhlaidh sin is a rá go bhfuil an maoiniú sin á bhaint de scríbhneoirí/aisteoirí cumasacha gan acmhainní. Agus eagraíochtaí ealaíona chomh maith. Ag amharc siar atá siad, chan chun tosaigh.

Mar shampla, is scríbhneoir mé a bhfuil aitheantas faighte ar na mallaibh. Níl clú ná cáil orm, níl corpus oibre mór fada agus foilsithe taobh thiar díom go fóill. Bhain mé duais ar na mallaibh, i gcomórtas gearrscéalaíochta Gaeilge. Bhain mé £25.  Bhí ceithre bhuaiteoir ar fad ann, beirt don duais filíochta agus beirt eile don duais gearrscéalaíochta. As Éirinn gach duine againn, bíodh is go raibh an comórtas lonnaithe i Sasana. Grúpa beag ealaíona iad an grúpa a chuir an duais ar fáil, agus glacaim leis nach raibh an t-airgead acu le heitilt a thairiscint dom féin ná do na buaiteoirí eile, trasna go dtí an féile a bhí eagraithe acu. Níor mhiste liom maoiniú de shaghas éigin a fháil le freastal ar an bhronnadh duaiseanna. Ryanair agus Premier Inn, dhéanfaidís gnoithe breá.

Gheobhaidh mé an seic £25 sa phost am éigin, seic sterling, agus síneoidh mé an cúl le cur chuig carthanacht ailse sna Sé Chontae é. Ní fiú é a choinneáil agus a chur i mo chuntas féin, faoin am a mbainfidh an banc a gcuid táillí de. Nó b’fhéidir, just b’fhéidir go gceannóinn dearbhán bronntanais ó Amharclann na Mainistreach do dhráma éigin as an chlár ‘Waking the Nation’. Ceann de na suíocháin shaora. Do bharúil?

Advertisements